Ag suí speisialta de Chúirt Dúiche Chill Airne i gCo Chiarraí, gearradh fíneáil €400 ar Gharda Síochána ar promhadh a phléadáil ciontach i gcócaon a dhíol ar an mbaile sin dhá bhliain ó shin.
Sin é Shane O'Sullivan, atá 26 bliain d'aois agus arb as an mBeann Ard, Gníomh go Leith, i gCo Chiarraí é.
D'éirigh sé as an nGarda Síochána tar éis dó a admháil go raibh an cócaon ina sheilbh aige.
Chonaic na Gardaí Shane O'Sullivan in éineacht le fear eile i lár Chill Airne ag 3.20 ar maidin ar an 6 Feabhra 2023 agus bhí amhras orthu faoina raibh ar bun ag an mbeirt.
Nuair a chuardaigh na Gardaí Shane O'Sullivan, fuair siad dhá mhála beag cócaoin faoina choim leis.
Scrúdaíodh fón Shane O'Sullivan ina dhiaidh sin agus deimhníodh gur íocadh é ar Revolut as an gcócaón.
Dúirt aturnae Shane O'Sullivan sa chúirt go raibh botún déanta ag a chliant agus go raibh a ghairm bheatha aige dá dheasca.
Dhiúltaigh an Breitheamh David Waters iarratas ón aturnae an cás a chaitheamh amach faoin Acht um Promhadh Ciontóirí, áfach.
Dúirt an breitheamh gur tromchúisí fós mar choir é de bhrí gur Garda ar promhadh a bhí sa chiontóir ag an am.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ