skip to main content

€490,000 caite ag an Stát ar bhalla nua 70 méadar ar a fhad

Ceannáras an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath
Ceannáras an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath

Údar mór iontais, dar leis an Teachta Dála Gary Gannon ó na Daonlathaithe Sóisialta, is ea méid an airgid a chaith Oifig na nOibreacha Poiblí ar bhalla nua a thógáil timpeall ar cheannáras an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre i nDroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.

Measadh ar an gcéad dul síos gur €200,000 lúide cáin bhreisluacha a bheadh le caitheamh ar an togra ach is €490,000 san iomlán a caitheadh ar deireadh.

Socraíodh an balla nua 70 méadar ar a fhad a thógáil mar go raibh an ceann a bhí ann roimhe sin seanchaite.

Nuair a chuathas i mbun na hoibre, áfach, fuarthas amach go raibh cábla leictreachais beo ann chomh maith le píopa a bhí ag sceitheadh uisce.

Chuir sin moill dhá bhliain ar an obair agus chuir sé €250,000 le costas an togra freisin.

Tá sé dearbhaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí gur íocadh €54,000 le Bord Soláthair an Leictreachais leis an gcábla beo a chur malairt slí agus gur íocadh €61,500 le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le cosáin phoiblí agus carrchlós a dhúnadh a fhad is a bhí an obair ar siúl.

Caitheadh €82,200 ar nithe éagsúla eile, de réir eolas a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Gary Gannon gur mór an náire "an diomailt airgid" agus "an easpa cuntais [a fuarthas ón Stát] san airgead".

Luaigh sé freisin an chonspóid a tarraingíodh anuraidh faoin méid suntasach airgid a chaith Oifig na nOibreacha Poiblí ar dhá mhionstruchtúr ar an taobh thiar agus ar an taobh thoir de Dháil Éireann.

Tháinig sé chun solais i mí Mheán Fómhair seo caite gur caitheadh €336,000 ar fhoscadán rothar a thógáil ag Teach Laighean agus gur caitheadh €1.4 milliún ar bhothán slándála nua ag Tithe an Rialtais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ