skip to main content

Fógra rabhaidh faoi cháblaí beo, 133,000 áitreabh fós gan chumhacht

Bord Soláthair an Leictreachais ag achainí ar dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta a thit go talamh le linn na stoirme
Bord Soláthair an Leictreachais ag achainí ar dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta a thit go talamh le linn na stoirme

Tá foláireamh tugtha don phobal ag Bord Soláthair an Leictreachais gan bhaint do shreanga cumhachta a scuabadh chun bealaigh agus a thit go talamh i rith Storm Éowyn.

Tá imní ar an gcomhlacht go bhféadfadh daoine lámh a leagan i ngan fhios dóibh féin ar cháblaí beo atá folaithe ag crainn agus toir nó ag smionagar ó fhoirgnimh a ndearnadh díobháil dóibh mar gheall ar an anfa gaoithe.

Tá thart ar 133,000 teach, feirm agus gnóthas fós gan cumhacht leictreach sé lá ó shéid an stoirm agus áirítear freisin thart ar 31,000 áitreabh a bheith gan soláthar uisce i gcónaí. Pobail san iarthar agus san iarthuaisceart is mó atá thíos leis.

Tuigtear go bhfuil thart ar 37,000 áitreabh sa Tuaisceart fós gan chumhacht.

Bítear ag brath ar chomhar na gcomharsan in am an ghátair agus tá an tAontas Eorpach le seacht ngineadóir déag a chur ar fáil go sealadach do Bhord Soláthair an Leictreachais a fhad is atá na hinnill bhuana á ndeisiú ag teicneoirí an chomhlachta.

Mar leis an am le teacht, deir an comhlacht go gcaithfear 3,000 cuaille leictreachais nua a chur suas agus 900 ciliméadar de cháblaí nua a fheistiú ar fud na tíre de thoradh na stoirme.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ