Tá achainí úr déanta ag na Gardaí i dtaca le dúnmharú fir i gCo Dhún na nGall cothrom an lae seo fiche bliain ó shin.
Ionsaíodh agus maraíodh Shaun Duffy, a bhí 36 bliain d'aois, ina theach cónaithe i Mín na Croise go luath ar maidin Dé Sathairn an 29 Eanáir 2005. Tháinig a dheartháir ar a chorp ag thart ar an 2.30 an lá sin.
Níor cúisíodh aon duine riamh sa dúnmharú agus tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a mbeadh aon eolas ábhartha acu teacht chun cainte leo.
Adhlacóir agus meicneoir ab ea Shaun Duffy agus bhí sé ina chónaí ina aonar i mbungaló i Mín na Croise, seacht gciliméadar ó dheas ón Chlochán Liath in iarthar Dhún na nGall.
Bhí baint aige le rásaí carranna agus rásaí capall agus bhí aithne mhaith ag an phobal áitiúil air.
An oíche sular maraíodh é, bhí sé ag ceiliúradh lá breithe a dhearthár óig, Kevin, i gcuideachta a theaghlaigh agus cairde leo i dteach tábhairne an Strand Bar ar an Mhachaire.
Nuair a dhruid an teach tábhairne, chuaigh siad ar ais chuig teach a mháthar i Mín na Croise agus phill Shaun ar a theach féin i dtrátha 2.30 ar maidin. Níl a theach féin ach cúpla céad slat ó theach a mháthar.
Ag coiste cróinéara faoina bhás i mí Mheán Fómhair 2010, cinneadh gur maraíodh Shaun Duffy go mídhleathach.
Dúradh gur sádh níos mó ná uair amháin é agus gur buaileadh go láidir sa cheann é le huirlis éigin.
Deir na Gardaí go bhfuil rún daingean acu an cás a réiteach agus ghabh siad buíochas le gach aon duine a chuidigh lena bhfiosrúchán le fiche bliain.
D'fhéadfadh sé, a deir siad, go bhfuil daoine ann a bheadh ábalta eolas a thabhairt dóibh anois – fiche bliain i ndiaidh an mharaithe – ar daoine iad nach raibh ábalta an t-eolas sin a thabhairt dóibh roimhe seo.
Chomh maith leis sin, measann na Gardaí go bhféadfadh sé go bhfuil daoine eile ann a thug eolas dóibh roimhe seo a bheadh ábalta tuilleadh eolais a thabhairt dóibh anois.
Is féidir eolas faoin chás a thabhairt do na Gardaí i Stáisiún Bhaile na nGallóglach ag an uimhir theileafóin 074 915 3060 nó ag uimhir theileafóin faoi rún na nGardaí 1800 666 111.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ