Tá ordú tugtha i gCúirt na Leanaí i mBaile Átha Cliath do bheirt deirfiúracha sna déaga fanacht amach ó dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta.
Gabhadh an bheirt chailíní i ndiaidh do na Gardaí tabhairt faoi fhiosrúchán maidir le hairgead a líomhnaítear a goideadh ó dhaoine leochaileacha i mBaile Átha Cliath.
Sé bliana déag agus seacht mbliana déag d'aois atá na cailíní ar tugadh os comhair na cúirte ar dtús iad an tseachtain seo caite, tráth ar cuireadh ina leith gur ghoid siad €500 ó Joshua Spurling ar Ché Aston i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite an 21 Eanáir.
Mac léinn 23 bliain d'aois as na Clocha Liatha i gCo Chill Mhantáin is ea Joshua Spurling.
Tá siondróm Down ar Joshua agus líomhnaítear gur goideadh an t-airgead uaidh nuair a bhí sé sa phríomhchathair ar thuras lae le lucht an choláiste a bhfuil sé ag freastal air.
An tseachtain seo caite, scaoileadh saor ar bannaí agus faoi chúram a máthar na cailíní agus tugadh ordú dóibh teacht os comhair na cúirte arís an mhí seo chugainn.
Bhí an dís os comháir na cúirte arís inniu, ámh, agus é curtha ina leith gur ghoid siad €703 ó fhear leochaileach eile in dhá áit éagsúla i mBaile Átha Cliath ar an 20 Eanáir.
Thug an Breitheamh Paul Kelly ordú do na cailíní fanacht amach ó dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta nó go dtabharfar os comhair cúirte arís iad agus d'ordaigh sé dóibh chomh maith fanacht amach ó lár Bhaile Átha Cliath.
Tá cinneadh le déanamh fós maidir le cén chúirt ina n-éistfear an cás, Cúirt na Leanaí nó an Chúirt Chuarda.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ