Tá binse tosaigh nua Shinn Féin ainmnithe ag ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald.
Tá na cúraimí a bhí orthu sa Dáil dheireanach coinnithe ag Pearse Doherty, David Cullinane, Eoin Ó Broin agus Aengus Ó Snoadaigh, mar atá, airgeadas, sláinte, tithíocht, agus Gaeilge agus Gaeltacht faoi seach.
Tá a phost mar phríomh-aoire an pháirtí coinnithe ag Pádraig Mac Lochlainn.
Tá Mairéad Farrell ag filleadh ar phost a bhí aici cheana mar urlabhraí caiteachais phoiblí, bonneagair agus athchóirithe.
Is é Matt Carthy an t-urlabhraí nua dlí agus cirt agus gnóthaí baile, agus tá Donnchadh Ó Laoghaire ceaptha ina urlabhraí gnóthaí eachtracha, cosanta agus trádála.
Tá post nua ag Louise O'Reilly – urlabhraí coimirice sóisialaí – agus is í Claire Kerrane an t-urlabhraí nua leanaí agus gnóthaí míchumais.
Is é Darren O'Rourke an t-urlabhraí nua oideachais, tá Pa Daly ceaptha ina urlabhraí aeráide agus comhshaoil, agus is í Rose Conway Walsh urlabhraí nua fiontar an pháirtí.
Tá Martin Kenny ceaptha ina urlabhraí talmhaíochta.
Tá poist ar an mbinse tosaigh tugtha den chéad uair do Donna McGettigan agus Joanna Byrne, mar atá, ardoideachas agus breisoideachas, agus na healaíona agus na meáin faoi seach.
Mar leis an gconspóid faoi chearta freasúra a bheith ag Teachta Dála Neamhspleácha atá ag tacú leis an Rialtas, mhaígh Mary Lou McDonald go mbeadh sé áiféiseach cead a thabhairt do Michael Lowry Airí Rialtais a cheistiú agus dúirt nach mbeadh aon ghlacadh ag an bpobal lena leithéid.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ