skip to main content

Fanacht fada roimh mhuintir Chonamara

Teach a scriosadh i gCarna in Iorras Aithneach i rith Stoirm Éowyn
Teach a scriosadh i gCarna in Iorras Aithneach i rith Stoirm Éowyn

Is cosúil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile ag teicneoirí atá ag iarraidh an chumhacht leictreach agus seirbhísí uisce a thabhairt ar ais do theaghlaigh agus do ghnóthais in iarthar na tíre i ndiaidh Stoirm Éowyn.

Tá an t-ionad cóireála uisce ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe ag feidhmiú arís, cuir i gcás, agus tá an t-uisce ar ais ag daoine in Órán Mór, i nDroichead an Chláirín, i mBaile an Chláir agus sa cheantar máguaird.

Mar leis an taobh thiar de Ghaillimh, ámh, tá muintir Chonamara fós ag streachailt leis an saol agus an easpa seirbhísí ag dul i gcion go mór orthu.

Go deimhin, deir Bord Soláthair an Leictreachais go dtógfaidh sé tuilleadh ama fós na fabhtanna ar fad sna háiteanna is iargúlta a réiteach.

Tá seans, a deir siad, nach mbeidh an obair sna ceantair sin curtha i gcrích go dtí an tseachtain seo chugainn.

Tá Leitir Mealláin agus Leitir Móir i ndeisceart Chonamara agus an Clochán i dtuaisceart Chonamara ar chuid de na háiteanna is measa atá buailte.

Fuair muintir Charna, áit a bhfuil thart ar 1,500 duine ina gcónaí, fuair siad an chumhacht ar ais aréir.

An tAire Coimirce Sóisialaí, Ghnóthaí Tuaithe agus Gaeltachta, Dara Calleary, gheall sé go dtabharfadh sé cuairt ar dhaoine san iarthar atá thíos leis de bharr na stoirme.

Ar Árainn agus ar an gCeathrú Rua a thabharfas sé a aghaidh ar dtús.

Táthar ag baint leas as gineadóirí in a lán ceantar le dlús a chur leis an sreabhadh uisce agus thug Garda Cósta na hÉireann gineadóir leo ar héileacaptar chuig Inis Meáin inné.

Tuairiscítear go bhfuil an chumacht gearrtha in áiteanna eile in Inis Oírr inniu, áfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ