skip to main content

Éisteacht san Ard-Chúirt amárach faoi chruinnithe den Chomhaireacht

An Chomhaireacht nua móide na haíonna in Áras an Uachtaráin Déardaoin seo caite
An Chomhaireacht nua móide na haíonna in Áras an Uachtaráin Déardaoin seo caite

Tá an Teachta Dála ó Shinn Féin Pa Daly ag féachaint le cás dlí a thabhairt maidir leis an gcead atá tugtha ag an Rialtas nuabhunaithe do cheathrar Airí Stáit freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht.

Is iad na hAirí Stáit atá i gceist Hildegarde Naughton ó Fhine Gael, Mary Butler ó Fhianna Fáil, agus na Neamhspleáigh Seán Canney agus Noel Grealish ón nGrúpa Réigiúnach.

Tá cead á lorg ag Pa Daly ar an Ard-Chúirt an cás dlí a thabhairt le súil go bhfógrófar go bhfuil sé míbhunreachtúil an ceathrar a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht.

De réir Bhunreacht na hÉireann, a deir sé, níl cead ag níos mó ná cúig dhuine dhéag freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht.

Dar le Pa Daly go gcaithfidh an Rialtas reifreann a ghairm más mian leo tuilleadh daoine a scaoileadh isteach sna cruinnithe sin.

Éistfear iarrtas Pa Daly ar an gcás a thionscnamh tráthnóna amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ