skip to main content

191,000 áitreabh ar fud na tíre gan cumhacht leictreach i gcónaí

Teicneoirí ó Bhord Soláthair an Leictreachais i mbun oibre i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe
Teicneoirí ó Bhord Soláthair an Leictreachais i mbun oibre i Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe

Tá thart ar 154,000 áitreabh sa Stát fós gan cumhacht leictreach i ndiaidh Stoirm Éowyn a rinne díobháil mhór ar fud na tíre Dé hAoine seo caite.

An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Longfort, Ros Comáin, an Clár, Gaillimh, Silgeach agus Dún na nGall, sin iad na ceantair is mó atá thíos leis i gcónaí, dar le Bord Soláthair an Leictreachais.

Measann an comhlacht go mbeidh an chumacht ar ais i gcuid mhór de na háiteanna sin faoin Aoine seo chugainn ach deir siad go mbeidh áiteanna eile fágtha dá huireasa go ceann tamaill eile.

Meastar go bhfuil 37,000 áitreabh sa Tuaisceart fós gan cumhacht leictreach.

Obair mhór roimh na teicneoirí leictreachais seo i gCromghlinn i gCo an Dúin

Léiriú ann féin ar an obair mhór atá le déanamh fós is ea gur iarr Bord Soláthair an Leictreachais ar chomhlachtaí leictreachais thar lear teacht i gcabhair orthu.

Tá meithleacha ón Ostair agus ón bhFionlainn tagtha go hÉirinn inniu le cuidiú le teicneoirí abhus an chumhacht a thabhairt ar ais.

Beidh tuilleadh meithleacha ag teacht ón bhFrainc agus ón Ísiltír as seo go ceann cúpla lá.

Lámh chúnta ón iasacht: teicneoirí ón Ostair in Aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu

Chomh maith le cumhacht leictreach, tá thart ar 74,000 áitreabh gan soláthar uisce i gcónaí.

Mar bharr ar an donas, deir Uisce Éireann go m'fhéidir go gcaillfeadh 70,000 áitreabh eile fós a soláthar uisce siúd go gairid.

Áitribh iad sin, a deir an comhlacht, a fhaigheann uisce ó thaiscumair atá ag dísciú de réir a chéile mar nach bhfuil cumhacht leictreach acu ón Aoine seo caite.

Tá moil éigeandála bunaithe ag an Rialtas i sé chontae dhéag ar fud an Stáit le fóirithint a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil riar a riachtanais acu tar éis na stoirme.

Leithéidí béilí te, seirbhísí leathanbhanda agus áiseanna níocháin atá á gcur ar fáil sna hionaid éagsúla.

An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Mhí, an Longfort, Liatroim, Ros Comáin, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach, Dún na nGall, Laois, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Loch Garman, sin iad na contaetha a bhfuil na moil éigeandála bunaithe iontu.

Cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta, Keith Leonard

Tá sé tugtha le fios ag cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta go ndéanfar athbhreithniú ar an gcaoi a ndeachaigh seirbhísí an Stáit i ngleic le Stoirm Éowyn.

Dúirt Keith Leonard go mbreathnófaí ar an mbonneagar éigeandála a bhí ar fáil le linn na stoirme, gineadóirí cumhachta san áireamh.

Tá polaiteoirí ón bhfreasúra ag iarraidh ar an Taoiseach Micheál Martin Dáil Éireann a ationól leis an ngéarchéim a phlé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ