Bhí an céatadán naíonán nuabheirthe ar bhain einceifealapaite iscéimeach hiopocsach (EIH) dóibh in Ospidéal Portiuncula i gCo na Gaillimhe anuraidh níb airde ná mar a bheadh súil leis, dar le hoifigeach sinsearach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Is é is cúis le EIH easpa ocsaigne in inchinn naíonán díreach sula dtagann siad ar an saol nó go fíorghairid ina dhiaidh sin.
Tinneas tromchúiseach atá ann a mbaineann dochar inchinne do naíonáin dá bharr agus ní mór a gcloigne a fhuarú gan mhoill lena mhaolú.
Bhain EIH do sheisear naíonán in Ospidéal Portiuncula anuraidh, bhí cás amháin ann an bhliain roimhe sin agus bhí cás amháin ann go dtí seo i mbliana cheana féin.
Mar leis na sé chás a bhí ann anuraidh, dheimhnigh Tony Canavan ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur cuireadh an chóireáil leighis chuí ar chúigear de na leanaí.
Is é is dóichí, arsa sé, go mba cheart an rud céanna a dhéanamh i gcás an séú leanbh chomh maith.
Thug sé le fios gur rugadh thart ar 1,300 leanbh in Ospidéal Portiuncula anuraidh agus dúirt go mbeadh súil le cás amháin nó dhá chás de EIH ina measc.
Dhearbhaigh an Ceannbhánach go bhfuil seirbhísí an ospidéil á gcur ar fáil mar is gnách agus dúirt gur áit shábháilte é.
Tá foireann bhreise tugtha isteach san aonad máithreachais, lena n-áirítear bainisteoirí sinsearacha, i bhfianaise an imní atá ar dhaoine faoin líon suntasach cásanna de EIH.
Tá sé deimhinithe freisin ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil athbhreithniú seachtrach le déanamh ar gach aon cheann de na naoi gcás atá i dtreis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ