skip to main content

Tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí

Maraíodh 29 duine i mbuamáil na hÓmaí, cúpla nach raibh tagtha ar an saol fós ina measc
Maraíodh 29 duine i mbuamáil na hÓmaí, cúpla nach raibh tagtha ar an saol fós ina measc

Cuireadh tús ar maidin inniu le fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, i mbuamáil na hÓmaí i gCo Thír Eoghain i 1998.

Maraíodh an 29 agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fágtha ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998.

Bunaíodh an fiosrúchán poiblí lena fháil amach an raibh deis ann roimh ré an sléacht a chosc.

In 2021, dúirt breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála an bhuamáil a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré.

Dúirt an Breitheamh Mark Horner go raibh eolas tábhachtach ag na seirbhísí slándála faoi ghníomhaíochtaí an Fhíor-IRA ar dhá thaobh na teorann roimh an ionsaí.

Tá a fhios go bhfuair lucht faisnéise na bpóilíní sa Tuaisceart glao teileafóin aon lá dhéag roimh an sléacht ó dhuine anaithnid a mhaígh go mbeadh ionsaí buamála san Ómaigh ar an 15 Lúnasa.

Níor thug an duine sin aon eolas faoi cén t-am ná cén áit go baileach a dtarlódh an t-ionsaí.

Níor chuir lucht faisnéise aon eolas ar aghaidh chuig na póilíní áitiúla san Ómaigh, áfach.

Leacht cuimhneacháin san Ómaigh

Is in Ionad Ealaíon na Sruthla san Ómaigh atá an fiosrúchán poiblí ar siúl agus is é an t-iar-státseirbhíseach sinsearach Andrew Turnbull an cathaoirleach.

Mar thús, tá cuntas pearsanta á thabhairt ó inniu ag gaolta na marbh, ina nduine agus ina nduine, ar shaol gach duine den 29.

Tá cuntas á thabhairt acu freisin ar an gcaoi a ndeachaigh an marú i gcion orthu.

Ceaptar go mairfidh an chuid sin den fhiosrúchán coicís.

Na daoine a gortaíodh sa bhuamáil, tabharfaidh siadsan cuntas ina dhiaidh sin ar ar bhain dóibh féin an lá úd agus ó shin.

Oibrithe éigeandála a chuaigh chuig láthair an uafáis, inseoidh siad a scéal féin ina dhiaidh sin arís.

Tá na ráitis ar fad á mbeoshruthú ar líne.

Meastar faoi láthair nach gcuirfear fianaise os comhair an fhiosrúcháin go dtí tús an tsamhraidh.

Is sa Phoblacht a rinneadh an buama agus tá sé geallta ag Rialtas na hÉireann comhoibriú leis an bhfiosrúchán san Ómaigh.

Tá an Rialtas cáinte ag grúpaí éagsúla, áfach, as gan fiosrúchán poiblí a bhunú sa Stát seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ