Gearradh naoi mbliana príosúin sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu ar fhear, 36 bliain d'aois, as éigniú agus as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar a dheirfiúr óg idir 2001 agus 2008, tráth a raibh seisean idir 14 bliain d’aois agus 20. Cuireadh tús leis an mí-úsáid nuair a bhí an t-íospartach seacht mbliana d’aois, agus tháinig sí chun críche nuair a bhí sí ina déagóir.
Níl cead an fear a ainmniú sna meáin, ar mhaithe le hainm an íospartaigh a choimeád faoi rún. Ciontaíodh an fear i ndá chúis éignithe agus i ndá chúis a bhain le hionsaithe gnéis.
Agus é ag gearradh píonóis ar an bhfear, dúirt an Breitheamh Paul Burns gur "coireanna fíorthromchúiseacha" a bhí iontu agus gur tháinig an fear i dtír ar a dheirfiúr óg, ag baint leasa as an mbearna aoise eatarthu. Chuir sé ina luí uirthi gur caidreamh normálta a bhí ann.
Bhí aird ar leith ag an mBreitheamh Burns, a dúirt sé, ar an bhfianaise gur úsáid an fear foréigean sna hionsaithe agus gur éirigh na hionsaithe ní ba mheasa de réir a chéile i gcaitheamh na mblianta.
Thug sé le fios freisin gur chuir sé san áireamh ina phíonós an lorg buan agus domhain a d’fhág an mhí-úsáid ar an íospartach, mar a bhí mínithe aici ina ráiteas tionchair íospartaigh.
Chuir an breitheamh san áireamh freisin, áfach, gur ógánach a bhí sa deartháir nuair a tharla fórmhór na n-ionsaithe, agus gur tháinig an mhí-úsáid chun críche nuair a bhí sé fiche bliain d’aois.
Tá leithscéal gafa ag an deartháir as na hionsaithe agus deir sé go nglacann sé leis an mbreithiúnas.
Bhí fianaise tugtha ag an íospartach gur inis sí dá tuismitheoirí faoi na hionsaithe le linn an Late Late Toy Show sa bhliain 2020 mar, a dúirt sí, nach raibh sí ábalta suí os a chomhair amach ag dinnéar na Nollag níos mó.