skip to main content

Íospartaigh & ceannairí domhanda ag ócáid chomórtha in Auschwitz

D'fhreastail daoine a tháinig slán as Auschwitz agus ceannairí domhanda ar ócáid chuimhneacháin sa sluachampa géibhinn sa Pholainn inniu, Lá Comórtha an Uileloscaidh
D'fhreastail daoine a tháinig slán as Auschwitz agus ceannairí domhanda ar ócáid chuimhneacháin sa sluachampa géibhinn sa Pholainn inniu, Lá Comórtha an Uileloscaidh

D'fhreastail daoine a tháinig slán as Auschwitz agus ceannairí domhanda ar ócáid chuimhneacháin sa sluachampa géibhinn sa Pholainn inniu. Déantar comóradh gach bliain ar 27 Eanáir ar na daoine a mhair tríd - agus a fuair bás - san Uileloscadh. Maraíodh sé mhilliún Giúdach - agus daoine de mhionlaigh eitneacha eile - san Eoraip san Uileloscadh.

Tá ochtó bliain imithe tharainn ó shaor trupaí Sóivéadacha Campa Auschwitz-Birkenau, a bhí á reachtáil ag Naisithe na Gearmáine le linn an Dara Cogadh Domhanda. Saoradh an campa sin ar 27 Eanáir agus is mar gheall air sin a roghnaíodh an lá seo, sa bhliain 2005, mar Lá Comórtha an Uileloscaidh.

Tá an Taoiseach Micheál Martin sa Pholainn le freastal ar an ócáid.

Tá ochtó bliain imithe tharainn ó shaor trupaí Sóivéadacha Campa Auschwitz-Birkenau, a bhí á reachtáil ag Naisithe na Gearmáine le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Tá 50 i láthair ag an ócáid a bhí sa champa agus a tháinig slán ina dhiaidh. Mar aon le 50 ceannaire domhanda eile.

Tógadh an campa sa bhliain 1940 nuair a bhí an Pholainn faoi fhorghabháil ag na Naitsithe. Bhí sé ar an sluachampa géibhinn agus báis ba mhó i rith an chogaidh.

Maraíodh 1.1 milliún duine in Auschwitz-Birkenau. Ba Ghiúdaigh iad milliún duine acu. Polannaigh, Romaigh, Giofóga Sintise agus príosúnaigh Shóideachacha a bhí sna híospartaigh eile.

Saoradh an campa ar 27 Eanáir 1945 nuair a tháinig fórsaí Sóivéadacha isteach ann.