skip to main content

Tá breis agus 200,000 teach agus gnó fós gan leictreachas agus 84,000 gan uisce, i ndiaidh Stoirm Éowyn

200,000 gnó agus teach fós gan aibhléis
200,000 gnó agus teach fós gan aibhléis

Tá breis agus 200,000 teach agus gnó fós gan leictreachas agus 84,000 gan uisce, i ndiaidh Stoirm Éowyn,

Deir Greasáin Bhord Soláthair an Leictreachais go bhfuil 22,800 custaiméir gan aibhléis iarnóin inniu. Deir siad gur i gcás fhórmhór na gcustaiméirí sin, go mbeidh a gcuid cumhachta ar ais faoin Aoine.

Tá criúanna ó Bhaile Átha Cliath agus ó chontaetha i ndeisceart na tíre curtha ó thuaidh, curtha siar agus curtha go dtí contaetha i lár na tíre le cuidiú leis na hiarrachtaí deisithe. Lena chois sin, tá criúanna tagtha ón mBreatain agus ó Mhór-Roinn na hEorpa le tacaíocht a chur ar fáil d'innealltóirí de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais anseo.

Deir Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil soláthair aibhléise 540,000 custaiméir tugtha ar ais dóibh faoin tráth seo. 780,000 teach agus gnó a bhí gan aibhléis maidin Dé hAoine.

Tá 65,000 custaiméirí fós gan leictreachas i dTuaisceart Éireann.

Idir an dá linn, deir Uisce Éireann go bhfuil 40,000 teach gan uisce go fóill. Deir siad go bhfuil 118,000 duine i mbaol a seirbhís uisce a chailliúint.

Tancaer uisce ag seachadadh uisce go dtí ceann de na moil éigeandála atá curtha
ar bun ag na húdaráis áitiúla.

Ó thaobh sholáthair uisce de, is iad contaetha in iarthar na tíre is mó atá buailte, ón gClár go dtí an Ghaillimh, ó thuaidh go Dún na nGall agus trasna go dtí An Cabhán, Muineachán agus An Mhí.

Tá 22,000 duine gan uisce i gContae na Gaillimhe.

Deir Eir go bhfuil 77,000 teach agus gnó fágtha gan seirbhís leathanbhanda agus Vodafone go bhfuil 30,000 custaiméirí gan seirbhís.

Tá na comhairlí áitiúla le moil éigeandála a bhunú le seirbhísí a chur ar fáil do na daoine is mó atá buailte agus gan seirbhísí.