skip to main content

Gialla Hamas atá le scaoileadh saor ainmnithe

Gaza scriosta ach súíl anois go leanfaidh an sos comhraic
Gaza scriosta ach súíl anois go leanfaidh an sos comhraic

Ceathrar saighdiúirí ban atá le scaoileadh saor amárach ag Hamas mar chuid den Chomhaontú sos-comhraic a haontaíodh le Rialtas Iosrael i rith na seachtaine.

Tugadh a gcuid ainmneacha tráthnóna.

Sin iad Karina Ariev, Daniella Gilboa, Naama Levy agus Liri Albag a bhí coinnithe mar ghialla ag na treallchogaithe le tamall.

Tuigtear go scaoilfear leo tráthnóna amárach de réir an eolais atá tagtha ó al-Qassam, ceann de bhriogáidí Hamas.

Tá Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu curtha ar an eolas.

As seo go ceann 6 seachtainí tá Iosrael le 50 príosúnach Pailistíneach a ligean saor in aghaidh chuile shaighdiúir a dtugann Hamas cead scoir dó.

Is a bhuíochas de chomhaontú a chuir tíortha éagsúla sa Mheánoirthear le chéile atá an sos comhraic seo againn anois a bhfuiltear ag súil a chuirfidh deiridh leis an gcogadh is deireanaí 15 mí idir Iosrael agus Hamas a d'fhág stráice Gaza scriosta.