skip to main content

'Cúrsaí ag feabhsú'-Met Éireann

'D'fhéadfadh greim na gcrann a bheith lag agus réidh le titim'-Met Éireann
'D'fhéadfadh greim na gcrann a bheith lag agus réidh le titim'-Met Éireann

Tá sé ráite ag an Oifig Náisiúnta Mheitéareolaíochta go bhfuil an aimsir ag feabhsú de réir a chéile.

Deir Met Éireann áfach go mbeidh gaoth ann i gcónaí, cé gur dócha go lagfaidh Éowyn i gcaitheamh an tráthnóna.

Iarrann sé ar dhaoine a bheith cúramach ag taisteal thart mar go bhféadfadh sé gur lag an ghreim atá anois ag struchtúir nó crainn áirithe.

Deir sé freisin go dtaispeáinfidh taifid áirithe luas gaoithe nár taifeadadh riamh roimhe.