skip to main content

Ionad barrfheabhais spóirt Chonnacht scriosta

Ionad breá leagtha go talamh ag Éowyn
Ionad breá leagtha go talamh ag Éowyn

Is beag trua ach oiread atá léirithe ag Stoirm Éowyn do lucht spóirt i gCúige Chonnacht.

Tháinig an scéala ar maidin gur fhág sí an t-ionad barrfeabhais i gContae Mhaigh Eo scriosta.

Idir €3.5m agus €4m a chosain Cruinneachán Aeir Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht le tógáil agus osclaíodh go hoifigiúil é in Iúil 2020.

Tá an láthair suite idir Cnoc Mhuire agus Béal Átha Shamhnais agus is ann a bhí an Chraobh Náisiúnta Frisbee le reachtáil amárach.

Ní bheidh an dóm anois ann agus tá impleachtaí ag a scriosadh freisin do chomórtais 3ú leibhéal sna seachtainí romhainn, ina measc Coirn Sigerson, Fitzgibbon agus Ashbourne.

'Tógfaidh muid arís an t-ionad' a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chonnacht,John Prenty ar maidin.