Ceapadh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ina Thaoiseach tráthnóna inniu.
Chuaigh gach aon rud ar aghaidh go seolta inniu ó fuarthas réiteach sealadach ar maidin ar an gconspóid a chuir moill ar a cheapachán inné.
Fuair Micheál Martin séala a oifige ó Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin tráthnóna tar éis don Dáil vótáil i bhfabhar é a cheapadh ina Thaoiseach ag thart ar am lóin.
95 Teachta Dála a vótáil ar a shon agus 76 a vótáil ina aghaidh.
Ba léir ó mhaidin inniu nach mbeadh ann ach foirmiúlacht tar éis don Cheann Comhairle Verona Murphy tabhairt le fios nach n-aithneofaí mar ghrúpa teicniúil sa Dáil inniu Teachtaí Dála Neamhspleácha a bheas ag tacú leis an rialtas.
Níl ann, áfach, ach an cheist a chur ar an méar fhada de ghrá an réitigh, in áit a méar a bhagairt ar an bhfreasúra arís agus arís eile mar a rinne sí inné.
Go deimhin, dhearbhaigh Verona Murphy nach raibh cinneadh deireanach déanta aici fós faoin stádas a bheadh ag na Neamhspleáigh úd san am le teacht.
Sular caitheadh aon vóta, fágadh faoin duine is óige i bpáirtí parlaiminte Fhianna Fáil, Albert Dolan, Micheál Martin a mholadh mar Thaoiseach.
Dúirt an Dúlánach gur mhór an onóir dó sin a dhéanamh.
Taoiseach dáiríre a bheadh in Micheál Martin, a thabharfadh go dúthrachtach gach lá faoin obair a bheadh le déanamh aige ar son mhuintir na hEireann, arsa sé.
Thacaigh an Teachta Dála Catherine Ardagh ó Fhianna Fáil leis an moladh sin.
Níorbh é Micheál Martin an t-aon iarrthóir foirmiúil don chúram polaitíochta is mó sa Stát.
Mhol an Teachta Dála Mairéad Farrell ó Shinn Féin ceannaire a páirtí féin Mary Lou McDonald don phost, cé go mb'eol do chách go raibh rith an rása le Micheál Martin.
I ndiaidh an vóta, ghabh Micheál Martin buíochas leis na daoine óna pháirtí féin, ó Fhine Gael agus leis na Teachtaí Dála ón nGrúpa Réigiúnach a rinne comhaontú faoi rialtas nua a bhunú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ