Tar éis dó séala a oifige a fháil ón Uachtarán Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin, d'fhill an Taoiseach Micheál Martin ar Theach Laighean agus léigh sé ainmneacha na nAirí Rialtais atá sa Chomhaireacht nua os comhair na Dála.
Ochtar Airí ó Fhianna Fáil agus seachtar ó Fhine Gael atá sa Chomhaireacht nua.
Is é Peter Burke ó Fhine Gael an t-aon duine atá le leanúint den chúram a bhí air sa rialtas deireanach.
Is é Charlie McConalogue ó Fhianna Fáil an t-aon duine ón rialtas deireanach nach bhfuil sa Chomhaireacht nua.

Mar le Gaeil agus an teanga Ghaeilge, is é an Fianna Fáileach Dara Calleary as Maigh Eo Aire nua na Gaeltachta.
An Chomhaireacht nua
Taoiseach – Micheál Martin
Tánaiste, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Aire Cosanta – Simon Harris
Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Seirbhísí Poiblí, Athchóirithe agus Digitithe – Jack Chambers

Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce – Jim O'Callaghan
Aire Coimirce Sóisialaí, Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus na Gaeltachta – Dara Calleary
Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – James Browne
Aire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, Aire Iompair – Darragh O'Brien
Aire Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta – James Lawless
Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais – Norma Foley
Aire Airgeadais – Paschal Donohoe
Aire Sláinte – Jennifer Carroll MacNeill
Aire Oideachais agus Óige – Helen McEntee

Aire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara – Martin Heydon
Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta – Peter Burke
Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt – Patrick O'Donovan
Is í Mary Butler ó Fhianna Fáil atá ceaptha mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus ceapadh í ina hAire Stáit um meabhairshláinte freisin.

Athcheapadh an t-abhcóide sinsearach Rossa Fanning ina Ard-Aighne.
Beidh cead ag triúr Airí Stáit freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht ach ní bheidh cead acu labhairt iontu.
Sin iad Hildegarde Naughton ó Fhine Gael agus na Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach Seán Canney agus Noel Grealish.

Tá aon duine dhéag ó Chúige Laighean sa Chomhaireacht nua, triúr ó Chúige Mumhan agus duine amháin ó Chúige Chonnacht. Ar chúl éaga atá na hUltaigh an uair seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ