Tá foláireamh dearg gaoithe fógartha ag Met Éireann sa tír ar fad agus stoirm mhór ag tarraingt orainn ón Aigéan Atlantach Dé hAoine beag seo.
Dar leis na meitéareolaithe go bhféadfadh siotaí láidre gaoithe scrios a dhéanamh ar fud na tíre agus go mb'fhéidir go leagfaí crainn agus go ngearrfaí an chumhacht in áiteanna.
Deir siad freisin go mbeidh an stoirm chomh láidir agus go bhféadfadh beatha dhaoine a bheith i mbaol mar gheall air.
Measann siad gur luas 130 ciliméadar san uair ar a laghad a bheas faoin ngaoth in amanna.
I bhfianaise a bhfuil tuartha, tá sé fógartha ag an nGrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta go mbeidh naíolanna, scoileanna agus coláistí tríú leibhéal dúnta ar maidin Dé hAoine.
Chomh maith leis sin, tá an Grúpa Éigeandála ag achainí ar fhostóirí ligean do dhaoine obair ón mbaile an mhaidin sin.
Go deimhin, dúirt cathaoirleach an Ghrúpa Éigeandála Keith Leonard go bhféadfadh an stoirm a bheith ar cheann de na stoirmeacha ab fhíochmhaire a bhuail an tír seo riamh.
Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh dearg gaoithe i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i Loch Garman, i bPort Láirge, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i Luimneach ag 2 a chlog ar maidin Dé hAoine, agus tiocfaidh deireadh leis sna contaetha sin ag 10 a chlog an mhaidin chéanna.
Is ag 3 a chlog ar maidin Dé hAoine a thiocfas feidhm leis an bhfoláireamh dearg sa Chlár agus i nGaillimh, agus seasfaidh sé go dtí an meán lae an lá dar gcionn sna háiteanna sin.
Idir 4 a chlog ar maidin Dé hAoine agus an meán lae a bheas an foláireamh dearg i bhfeidhm i Liatroim, i Maigh Eo agus i Sligeach.
An Cabhán, Muineachán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Laois, an Longfort, Lú, an Mhí, an Iarmhí, Uíbh Fhailí, Ros Comáin agus Tiobraid Árann, beidh feidhm leis an bhfoláireamh dearg sna contaetha sin ar fad idir 6 a chlog ar maidin Dé hAoine agus an meán lae.
I nDún na nGall, is idir 6 a chlog ar maidin Dé hAoine agus 3 a chlog an tráthnóna sin a bheas feidhm leis an bhfoláireamh dearg.
'Éowyn' atá baiste ar an stoirm ag meitéareolaithe in Éirinn, sa Bhreatain agus san Ísiltír.
Tá coiste ó na trí thír sin ag cur ainm ar stoirmeacha ó 2019.
Meitéareolaithe ón tír is mó a cheaptar a bheas thíos leis a roghnaíonn an t-ainm – an Bhreatain sa chás seo.
Is cosúil gur ón úrscéal fanstaisíochta The Lord of the Rings le JRR Tolkien a fuarthas an t-ainm 'Éowyn'.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ