Tá iarratas síneadh a chur le hionad cóireála fuíolluisce cois Bóinne i gCo na Mí diúltaithe ag an mBord Pleanála.
An comhlacht próiseála mairteola Dawn Meats, bhí cead faighte acu ó Chomhairle Chontae na Mí an t-ionad cóireála fuíolluisce atá sa seamlas acu i mBaile Phaghain in aice leis an Uaimh a athchóiriú agus a fhorbairt.
De réir an iarratais phleanála, leagfaí píopa 7.2 ciliméadar ar a fhad idir an t-ionad cóireála agus an Bhóinn agus sceithfí fuíolluisce ón seamlas san abhainn.
Idir phobal, lucht gnó agus shlatiascairí na háite, chuir siad go láidir in aghaidh an phlean ar chúinsí sláinte agus comhshaoil.
Is ón mBóinn a fhaigheann os cionn 70,000 teaghlach sa cheantar a n-uisce óil.
Fuair Comhairle Chontae na Mí os cionn 400 aighneacht ag cur in aghaidh a raibh beartaithe ag Dawn Meats ach cheadaigh an t-údarás áitiúil an plean in 2022.
Bhí cead ón mBord Pleanála de dhíth freisin, áfach, agus inné d'fhógair an bord go raibh an t-iarratas diúltaithe acu.

'Bó fhionn' is bun le hainm na habhann agus i miotaseolaíocht na nGael bandia i gcruth bó nó bó bhandiaga ab ea Bóinn.
Cor beag íorónta sa scéal is ea gur 'soiléir' nó 'gaoiseach' ba bhrí le 'fionn' sa chás sin mar gur bhandia ciallmhar í Bóinn a chuireadh comhairle stuama ar an daonnaí.
Agus mar le soiléireacht, an té a bhfuil radharc na súl ag dul i laige air, deirtear sa bhéaloideas go bhfuil a leigheas le fáil in uisce beannaithe glé fhoinse na Bóinne in aice le Cairbre i gCo Chill Dara.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ