skip to main content

Sár-thaispeántas aisteoireachta ag Féile Joe Steve

An slua ar bís aréir ag fanacht leis an gcliar
An slua ar bís aréir ag fanacht leis an gcliar

Bhí seanscoil Sailearna in Indreabhán i gConamara lán go béal aréir agus an pobal féachana faoi dhraíocht ag aisteoirí áitiúla a thug faoin stáitse le ceann de dhrámaí Joe Steve Uí Neachtain a léiriú.

Bhí idir dheora agus gháire ag an slua a bhí i láthair don dráma aitheanta seo 'Faoi Dheireadh Thiar' ó pheann fhear an Chré Dhuibh a d'imigh ar shlí na fírinne uainn cúig bliana go ham seo.

Na 'stars' cúl stáitse: Caitlín Ní Chonghaile (ar chlé) agus Máirín Mhic Dhonnchadha

Greann, gruaim, cumhacht agus paisiún, bhí sé uilig le sonrú go láidir a bhuíochas don chliar ildánach tallannach a tháinig amach ar stáitse ag an ionad seo ceithre mhíle dhéag míle siar ó chathair na Gaillimhe.

Shamhlófá ar Choilmín Joe Mac Donnchadha nach raibh spré amhairc riamh aige, bhí sé chomh láidir sin i bpáirt 'Taimín Chualáin' a bhfuil radharc na súl caillte aige ina sheanaois agus sifil air ina theannta istigh i dteach altranais.

'Taimín Chualáin' agus 'Máirín', an mátrún

Má thograíonn aon chumann dráma a dhéanamh ar shaol 'Raiftearaí an File' molaim don léiritheoir fear an Ghleanna Mhóir ar an gCeathrú Rua a chaitheamh isteach sa ról.

Mar a leathbhádóir ar stáitse bhí Ciarán Ó Fátharta i bpáirt 'Coilmín an Bhreathnaigh', leisceadóir sa 'home' a bhfuil dúil aige sa deoch agus a mheabhraigh dhúinn uilig go beacht cén chaoi a ndéileáileann fir áirithe le freagracht agus cúram.

Níor bhain sé 'feather' as Caitlín Uí Chonghaile speabhraidí 'Sally' a chuir os ár gcomhair, carachtar atá faoi chúram an ionaid agus a fuair lán ladhair de chúiteamh ó fhir a bhíodh pósta léi tráth.

Bridie Mhic Chormaic breá sásta léi féin agus a taispeántas sa leaba

Ar ndóigh, bhí sise sa bpáirt chéanna cheana nuair a léiríodh an dráma seo den chéad uair roinnt blianta ó shin.

Aon duine atá beagnach chomh sean liomsa, bheadh cuimhne mhaith aige uirthi freisin i bpáirt 'Helen' sa dráma iomráiteach raidió 'Baile an Droichid' a scríobhadh Joe Steve go rialta go Raidió na Gaeltachta agus a thuill gradam Jacobs dó na blianta siar.

Slua faoi dhraíocht faoin mbriseadh

Mairéad Ní Fhlaithearta, an t-amhránaí aitheanta ón Spidéal, a léirigh 'Jackie' go paiteanta sa dráma seo, cailín óg a oibríonn sa teach altranais ach a bhfuil a rún féin aici le coinneáil ón 'fiancé'.

Bhíodh splanc den rómánsaíocht freisin luaite le 'Meaig Loideáin', ach seanbhean chantalach chancrach anois í atá sínte níos minicí ná mhalairt ó chluais go drioball sa leaba ar thaobh stáitse formhór an dráma.

Ach m'anam dá buíochas, go mbuaileann spadhar í geábh amháin an tsean lasair sin a fhadú arís ag tarraingt Coilmín an Bhreathnaigh chuici.

Ní haon radharc as scannáin 'James Bond' é ach iarracht mhaith mhístuama mar sin féin ag Bridie Mhic Chormaic, a luascann maide ar stáitse níos luafaire ná a chroch Christy Ring camán riamh.

An cliar i ndiaidh umhlú don slua ar stáitse

Fear TG4,Colman Seoighe atá i bpáirt a mic, a bhfuil a theanga ar a chomhairle féin aige.

Is léir óna bhriathra freisin ar uairimh nach iad a chuid paidreacha is túisce a ritheann leis.

Níor chaill Máirín Mhic Dhonnchadha riamh é ar stáitse is léir, ise i bpáirt an mhátrúin a bhfuil a dóthain le déanamh aici agus aire a thabhairt dhóibh uilig agus í i mbraighdeanas ag a cuimhní cinn féin.

Moladh mór freisin ag dul do Mháire Bheag Breathnach a bhí i mbun léirithe ar an dráma seo i bpáirt le Ciarán Ó Fátharta.

Níor loic an lucht teicniúil agus soilsithe ar an léiriú ach oiread.

Deirtear gurb é a thaithí féin ar an saol a spreag Joe Steve leis an dráma seo a scríobh.

Mar is dual don údar tá neart dea-chaint agus greann síos tríd a d'fhág an slua ag fual lena ngáire.

Ach tá leide láidir ann freisin gur uaigneach é an saol, go háirithe don té a bhfuil na fiacla curtha go maith aige.

Deirtear liom go bhfuil an dráma díolta amach anocht, gur thoiligh na haisteoirí oíche bhreise a dhéanamh ar an Luan mar chlabhsúr ar 'Scoil Gheimhridh Joe Steve' atá ar bun in Indreabhán ón Déardaoin seo caite.