skip to main content

Iarratas ar mhórionad nua a thógáil sa Spidéal diúltaithe

Suíomh Chlochar Naomh Éinde sa Spidéal
Suíomh Chlochar Naomh Éinde sa Spidéal

Tá iarratas pleanála a rinneadh le 'Campas don Oideachas agus Oiliúint Chruthaitheach' a thógáil ar shuíomh Chlochar Naomh Éinde sa Spidéal i gConamara diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Cheannaigh an comhlacht Fiontar na Gréine an suíomh arú anuraidh agus bhí sé beartaithe acu athchoiriú a dhéanamh ar an áit, lóistín a chur ar fáil ann do mhic léinn agus lárionad nua trí stór a thógáil le taobh an chlochair le haghaidh cúrsaí oideachais, turasóireachta agus cultúir.

Bhí cartlann dhitigeach scannán agus ceoil le bunú san ionad freisin, de réir an phlean.

Cuireadh neart aighneachtaí a bhí i bhfabhar na forbartha chuig rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe inar tarraingíodh aird ar na buntáistí ollmhóra a dúradh a bhainfeadh leis.

Maíodh sna haighneachtaí sin go gcuirfeadh an áit go mór leis an saol sa Spidéal, agus i gConamara go ginearálta, gan trácht ar an tairbhe a bheadh ann don earnáil náisiúnta ealaíon, don earnáil teilifíse agus scannánaíochta, don teanga Ghaeilge agus do chúrsaí oidhreachta.

Suite i lár an Spidéil atá an t-iarchlochar

Os a choinne sin, cuireadh aighneachtaí in aghaidh na forbartha chuig an rannóg pleanála freisin.

Léiríodh imní sna haighneachtaí sin, mar shampla, nach mbeadh an fhorbairt ag teacht ó thaobh scála de leis na struchtúir atá i sráidbhaile an Spidéil.

Maíodh chomh maith go mbeadh an t-ionad róghar do Shéipéal Naomh Éinde, ar struchtúr é atá faoi chosaint.

Léiríodh imní leis faoi chursaí tráchta agus páirceála.

Ar deireadh, is ar cheithre chúis a dhiúltaigh an Chomhairle Contae an t-iarratas.

Dúradh go mbeadh tionchar diúltach ag an ionad nua ar an gclochar agus ar na struchtúir atá timpeall air; go mbeadh an t-ionad taibhseach ó thaobh scála de; agus go mbeadh sábháilteacht an phobail i mbaol ó thrácht bóthair.

I gcomhfhreagas a fuair Nuacht RTÉ ó Fiontar na Gréine inniu, dúradh nach raibh aon iontas ar an gcomhlacht gur dhiútaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an plean.

Mhaígh an comhacht go deimhin go mbíonn an t-údarás áitiúil i gcónaí ag iarraidh bealaí a aimsiú le tograí i gConamara a dhiúltú seachas bealaí a aimsiú lena gceadú.

Is é an tionchar a bheas ag an meon seo, dar le Fiontar na Gréine, go mbeidh Conamara fágtha faoi mhíbhuntáiste.

Dhearbhaigh Fiontar na Gréine go bhfuil siad chun achomharc a dhéanamh leis an mBord Pleanála faoin gcinneadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ