Tá cosc curtha ag Rialtas na Breataine ar bha, chaoirigh agus ar mhuca a iompórtáil ón nGearmáin mar gheall ar ráig den ghalar crúibe is béil sa tír sin.
Dé hAoine seo caite, dhearbhaigh na húdaráis sa Ghearmáin go raibh an galar ar thréad buabhall uisce in aice le Beirlín.
Sin an chéad uair a haimsíodh an galar crúibe is béil sa Ghearmáin le 40 bliain.
Is é is cúis leis an ngalar víreas a ionsaíonn ainmhithe crúbscoilte mar bha.
Cloig agus othrais sa bhéal agus ar na crúba a thagann ar ainmhithe a tholgann an galar. Is fíorannamh a tholgann an duine é.
Dúirt an Roinn Talmhaíochta an tseachtain seo caite nár iompórtáladh ba, caoirigh ná muca ón nGearmáin go hÉirinn le dhá mhí.
Mar sin féin, d'iarr an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue ar fheimeoirí sa tír seo a bheith san airdeall ar an ngalar crúibe is béil le dúil beostoc na tíre seo a chosaint.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ