skip to main content

24 marbh sa loscadh i gCalifornia

Lucht dóiteáin ag iarraidh tine a thabhair faoii smacht sna Palisades i Los Angeles
Lucht dóiteáin ag iarraidh tine a thabhair faoii smacht sna Palisades i Los Angeles

24 duine anois é líon na marbh ó na tinte sléibhe atá ag réabach trí cheantracha i gcathair Los Angeles, agus oifigigh ag foláireamh anois go bhféadfadh gaotha láidre a d'fhéadfadh fadú leis an tine.

Sé lá anois atá an tine ag scriosadh tithe agus maoin roimhe, ag fágáil pobail agus áitrimh ina luaithreach, agus fágáil na mílte gan dídean.

Tá lucht dóiteáin tar eis srian a chur ar an tine sna Palisades a bhí ag déanamh ar Brentwood agus an San Fernando Valley.

Ach de bharr gaotha láidre suas le 100km san uair bheith ar an mbelach, níl súil go bhfeabhsóidh cúrsaí sna laethanta atá ag teacht, agus fógrófar stadas contúirte maidin amárach, ceaptar.

D'fhéadfadh siad seo fadú leis na tinte atá ann agus iad a scaipeadh chuig áiteanna eile.

Deir Los Angeles County Fire Department go bfhuil a thuilleadh acmhainní acu anois agus go raibh siad faoi réir don bhagairt is deireanaí seo, agus go raibh an soláthar uisce do na hiodrainte dóiteáin socraithe.

Ach beidh Déardaoin ann nó níos deireanaí sula mbeidh daoine in ann fileadh ar a gcuid tithe, nuair a lagóidh na gaotha. Tá sé seo ag goilliúint ar dhaoine atá gan éadaí, gan airgead nó gan cóir leighis riachtanach.

Ach tá imní ar na húdaráis faoi dhaoine bheith ag filleadh ar a gcuid tithe, fiú le maoin a bhailiú, agus an chóir láídir gaoithe seo bheith leis an tine.

Tá tús áíte freisin á thabhairt do choirp a thabhairt ón smionagar loiscthe, agus níl aon cheist ach go mbeidh líon na marbh níos airde dá bharr seo.

Idir an dá linn, tá an chreachadóireacht ag leanúint ar aghaidh ach tá roinnt daoine tógtha ag na póilíní agus tá cuirfiú i bhfeidhm ar fud na cathrach.

23,700 acra atá dóite i gceantar na Palisades, 14,000 acra i dtine Altadena.

100,000 duine atá faoi ordú aslonnaithe, titim ó 180,000 ó thús na dtinte.

Deir Gobhanóir Chalifornia, Gavin Newsom go ndéanfar an chathair atogáil agus go mbeadh Marshall Plan don chathair ann, macasamhail an phlean tacaíochta a thug na Stáit Aontaithe don Eoraip tar éis an dara Cogadh Domhanda.

Ach tá neamhinniúlacht curtha i leith oifigigh an stáit ag an Uachtarán-tofa Donald Trump.

Tá iniúchadh tosaithe ag na húdaráis áitiúla agus feidearálacha lena fháil amach cén chaoin aar thosaigh na tinte.

Is féidir gur astu féin a thosaigh siad nó gur tosaíodh iad in aon turas.

Ach níl amhas ar shaineolaithe ach go bhfuil tionchar mór ag an athrú aeráide ar na coinníollacha triomachta srl is cúis le scaipeadh na dtinte chomh fíochmhar sin.