Tá sé ráite ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais go léireoidh achtú Bhille na gCríocha Gafa cumas an chéad rialtais eile cinntí crua a dhéanamh.
Dhiúltaigh Roderic O'Gorman den tuairimíocht gur cheart athsmaoineadh a dhéanamh ar an reachtaíocht má tá seans ann go ndéanfaidh sé dochar do gheilleagar na hÉireann nó do chaidreamh na tíre leis na Stáit Aontaithe.
Sé atá i gceist leis an bhille cosc a chur ar thrádáil idir Éirinn agus lonnaíochta mídhleathacha atá ag Iosrael ar thailte na Palaistíne.
Dúirt iarambasadóir na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe Dan Mulhall ar an chlár 'This Week' ar RTÉ Raidió a 1 go gcaithfidh an rialtas buntáistí agus míbhuntáistí an bhille a meas go cúramach agus a fhiafraí "an lenár leas an bille agus an rachaidh sé chun sochair don tsíocháin sa Mheán Oirthear."
Nocht an t-iarambasadóir an tuairim go mbeidh dearcadh "gung-ho" nó díograis místuama ag rialtas Trump maidir le tacaíocht do Iosrael agus go mbeidh impleachtaí aige sin do Éirinn má dhéantar an bille a achtú.
"Caithfidh muid a bheith cúramach, fanacht le cóir agus seo a láimhseáil go cúramach."
Dúirt Dan Mulhall gurb é rialtas Netanyahu in Iosrael is mó a bhainfeadh sásamh as an achtú an bhille de bharr "go mbainfeadh sé de stádas na hÉireann sna Stáit Aontaithe,"
"Nílim ag rá nach ceart dúinn an bille a achtú," arsa sé, "táim ag rá nach mór dúinn na buntáistí agus míbhuntáistí a mheas go cúramach."