skip to main content

Bean rialta as Doire ar a bealach chun a naomhaithe

Bhí an tSiúir Clare Crockett 33 bliain d'aois nuair a maraíodh í i gcrith talún in Eacuadór i 2016
Bhí an tSiúir Clare Crockett 33 bliain d'aois nuair a maraíodh í i gcrith talún in Eacuadór i 2016

Tabharfaidh an eaglais Chaitliceach aitheantas foirmeálta inniu do bhean rialta as Doire, an tSiúir Clare Crockett, le bheith ina h-iarrthóir le go ndéanfaí naomh di, ag searmanas ar leith i Madrid.

Bhásaigh an tSr Crockett as an Túr Fada i nDoire, i gcrith talún in Eacuadór i Meiriceá Theas ar an 16 Aibreán 2016.

Is amhlaidh a thit an scoil a raibh sí ag múineadh ceoil ann i Playa Prieta sa chrith talún, nuair a bhí an tSiúir Crockett ag iarraidh daoine a thabhairt amach as an fhoirgneamh.

Bhí obair thréadach, séiplíneacht ospidéil agus obair mhisinéireachta déanta sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus in Eacuadór ag an bhean rialta 33 bliain d'aois as ceantar an Brandywell i nDoire.

Tá thart ar 100 de ghaolta agus chairde na Siúrach i Madrid inniu don searmanas in Ardeaglais Alcalá de Henares ar a a 5.30 am na Spáinne

Is é an searmanas beannaitheachta seo an chéad chéim sa phróiseas le go ndéanfaí naomhú ar an bhean óg.

Múrphictiúr den tSiúir Clare Crockett i nDoire

Beidh an searmanas le feiceáil i bpictiúrlann an Brunswick Moviebowl i gcathair Dhoire tráthnóna - tá na suíocháin uilig díolta agus meastar go ndíolfar an 170 ticéad breise eile a cuireadh ar fáil.

Aisteoir agus láithreoir teilifíse a bhí sa tSiúir Crockett ar tús sula ndeachaidh sí le Siúracha Searbhónta Bhaile na Máthar sa Spáinn i 2001.

Bhí sí ina bean rialta ón bhliain roimhe sin.

De ghnáth bíonn fanacht 5 bliana ann i ndiaidh bhás duine sular féidir an próiseas naomhaithe a thosú.

Sé an tiarratas ar chanónú an chéad chéim den phróiseas; bronntar an teideal Searbhónta Dé ina dhiaidh sin.

Cuirtear tuairisc fhoirmeálta faoi bhráid na Cuallachta Naomhaithe agus má éiríonn leis an iarratas, fógraítear go bhfuil an té sin 'cásach' nó 'urramach.'

Bronntar beannaitheacht ar an iarrthóir sa tríú céim agus cuirtear críoch ar an phróiseas le

'naomhainmniú.'