skip to main content

Crúb agus Béil sa Ghearmáin

Chonaic Éirinn a dóthain den ghalar i 2001 agus roimhe sin i 1967
Chonaic Éirinn a dóthain den ghalar i 2001 agus roimhe sin i 1967

Den chéad uair le beagnach 40 bliain tá ráig den ghalar Crúb agus Béil sa Ghearmáin.

Tá eagraíocht feirmeoireachta an ICMSA sa tír seo ag moladh go gcuirfí beartais chuí i bhfeidhm ag na teorainneacha leis an ngalar a choinneáil amach.

Deir Uachtarán na heagraíochta,Denis Drennan go raibh súil aige go bhféadfaí an ráig seo is deireanaí ar an mór-roinn a smachtú agus go raibh sé muiníneach go ndéanfadh údaráis na Gearmáine seo.

D'iarr sé ar dhaoine a bheadh ag taisteal chun na Gearmáine a bheith airdeallach maidir le haon treoir a thabharfadh na húdaráis ina leith seo, go háirithe i gceantair cóngarach don phríomh-chathair Beirlín.

I 2001 bhí sé ina ghéarchéim sa tír s'againne nuair a bhuail ráig shuntasach den ghalar.

Bhí ar na húdaráis anseo na mílte bó agus caorach a chuir den tsaol agus srianta taistil a chur i bhfeidhm.