skip to main content

Píonós gearrtha ar an Uachtarán Trump

Uachtarán tofa SAM, Donald Trump ag tosú a dhara téarma go luath
Uachtarán tofa SAM, Donald Trump ag tosú a dhara téarma go luath

Ní íocfaidh sé aon fhíneáil ná ní fheicfidh sé lá príosúin.

Sin an cinneadh a rinneadh ag éisteacht cúirte inniu i Nua Eabhrac agus píonós á ghearradh ar Uachtarán tofa Mheiriceá,Donald Trump.

Scaoil an Breitheamh leis gan choinníoll ó tharla adeir sé 'go bhfuil Donald Trump le hinsealbhú ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe faoi cheann 10 lá'.

Bhain an píonós leis an gcás gur chuir an tUasal Trump taifid ghnó bhéagacha ar fáil ar mhaithe le íocaíochtaí a rinne sé leis an aisteoir Stormy Daniels i 2016 a cheilt.

'Déanfaidh mé achomharc'-Trump

Bhí Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i ndiaidh diúltú d'iarratas ó Donald Trump go stopfaí an éisteacht seo.

Fuarthas é ciontach i Nua Eabhrac i mí Bealtaine seo caite sa chás gur cheil sé suas le $130,000 d'íocaíocht.

Ba ag 1430 am na hÉireann inniu a cuireadh tús leis an éisteacht..

Níor ghá don Uasal Trump féin a bheith i láthair go pearsanta sa chúirt inniu agus d'éist sé leis an bpíonós ar nasc físe ó stát Florida.

Dúirt Donald Trump go raibh sé neamhchiontach, gur mugadh magadh ceart a bhí sa trial agus go ndéanfadh sé achomharc.

Ar an 20 Eanáir a insealbhófar Donal Trump mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Rinne sé téarma cheana mar uachtarán i 2017-21.

Beidh sé anois ar an gcéad uachtarán riamh ar an tír sin atá ciontaithe i gcoir.