skip to main content

'2024 ba theo riamh'-Copernicus

Teas ollmhór anuraidh, Sevilla sa Spáinn mar shampla-Getty
Teas ollmhór anuraidh, Sevilla sa Spáinn mar shampla-Getty

Deir an tseirbhís Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain anuraidh ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.

Deir an áisíneacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) nach bhfaca an cine daonna riamh a léithid de théamh mar a taifeadadh i 2024.

De réir a chuid staidéir bhí an teocht ar an meán 1.6 céim níos airde anuraidh ná a bhí sé sna blianta réamhthionsclaíocha.

'Truailliú carbóin an chúis atá leis seo' a deir stiúrthóir Copernicus,Carlo Buontempo.