skip to main content

Deichniúr ar a laghad maraithe i California

Seirbhís dóiteáin LA ag feidhmiú ón aer-Getty
Seirbhís dóiteáin LA ag feidhmiú ón aer-Getty

Tuairiscítear deichniúr ar a laghad a bheith maraithe anois ag na tinte foraoise atá ag scaipeadh as éadan i stát California ar chósta thiar na Stát Aontaithe.

Glactar leis go méadóidh an figiúir sin de réir a chéile.

Tá cathair Los Angeles go mór faoi léigear ag na tinte a chuaigh in olcas i gcaitheamh na hoíche de bharr neartú na gaoithe.

Tá fainic curtha ag na húdaráis ar an bpobal go bhféadfadh cúrsaí dul in olcas.

Réigiún na 'Palisades' scriosta i California

Deirtear go bhfuil dhá thine éagsúla ansin (Palisades agus Eaton) a bhfuil contúirt an-mhór ag baint leo.

Tá seirbhísí dóiteáin ag rá nach aon chúnamh dóibh an aimsir ghaofar faoi láthair.

Áirítear suas le 10,000 teach cónaithe agus foirgnimh eile a bheith scriosta go hiomlán nó dóite go talamh.

D'fhéadfadh sé go gcosnódh na tinte sléibhe seo suas le 150 billiún dollar ar phobal Los Angeles.

Tá luach 6 mhí de chúiteamh á thairiscint ag an Uachtarán Biden agus é i gceist ag Rialtas Mheiriceá an costas ar fad a bhaineann leis an athchóiriú a íoc ar ais le stát California.

Tá ordú tugtha ag údaráis sa chathair do suas le 180,000 duine a dtithe cónaithe a thréigean.

Tá roinnt de na daoine sin ag déanamh a mbealaigh ar ais le cúpla lá;tá na húdaráis ag rá leo áfach a bheith cúramach mar go bhfuil cuid mhór damáiste déanta agus go bhféadfadh struchtúir áirithe a bheith míshocair.

Tá beatha agus seirbhísí eile á gcur ar fáil do dhaoine a raibh orthu sin a dtithe a fhágáil.

Fadhb mhór eile ansin anois a deirtear is ea an chreachadóireacht agus tá cuirfiú i bhfeidhm féachaint le dul i ngleic leis.