Leanadh leis na cainteanna inniu ar mhaithe le rialtas nua a bhunú.
Tuigtear go ngéarófar an luas sna laethanta romhainn ar mhaithe le clár rialtais a chur i dtoll a chéile.
Tá cáineadh déanta ag roinnt páirtithe nach bhfuil sáite san idirbheartaíocht faoin bhfad atá le rialtas nua a bhunú.
Ar maidin inniu rinne an grúpa réigiúnach de Theachtaí Dála neamhspleácha socrú ina measc féin maidir leis an mbealach is fearr le tabhairt faoi chainteanna idirbheartaíochta le Fianna Fáil agus Fine Gael.
Bhí a chéad chruinniú oifigiúil ansin idir an grúpa agus toscaireacht ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael.
Seachtar teachtaí atá i gceist agus an urlabhraíocht faoi láthair fágtha faoin teachta ó Thiobraid Árann Thuaidh,Michael Lowry.
Tá cáipéis curtha i dtoll a chéile ag an ghrúpa ina leagtar amach polasaithe a dteastaíonn uaidh a chur chun cinn in aon rialtas nua.

Ina measc deirtear tá tithíocht agus cúrsaí míchumais.
Chomh maith leis sin tá cruinnithe ag deartháireacha Healy Rae, na teachtaí neamhspleácha ó Chiarraí le ceannairí Fhianna Fáil (FF)agus Fine Gael (FG) inniu.
Deir An Taoiseach Simon Harris agus ceannaire FF, An Tánaiste Micheál Martin nach faoi aon TD neamhspleách é an chéad rialtas eile a leagan amach.
86 suíochán dála atá ag FF agus FG eatarthu, cé a bheidh leo anois sa gcéad rialtas eile an cheist mhór.