Tá sé dearbhaithe ag na Gardaí go bhfuil comhad curtha acu chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoinar tháinig as Binse Fiosrúcháin Moriarty.
I 1997 a bunaíodh Binse Fiosrúcháin Moriarty le breathnú ar ghnóthaí airgeadais an iarThaoisigh Cathal Ó hEochaidh agus an iarAire Rialtais ó Fhine Gael Michael Lowry.
Breathnaíodh ar an gcaidreamh a bhí ag Michael Lowry leis an bhfear gnó Denis O'Brien ar bronnadh ceadúnas fón póca ar a chomhlacht Digifone i 1995, tráth a bhí Michael Lowry ina Aire Cumarsáide.
I dtuarascáil dheiridh an Bhinse Fiosrúcháin, a foilsíodh in 2011, dúradh "nach raibh aon amhras ann ach gur thug Micheal Lowry eolas substainteach do Denis O'Brien, eolas a raibh tábhacht shuntasach ag baint leis agus a chuidigh le Denis O'Brien an ceadúnas a fháil".
Chuir an rialtas an tuarascáil chuig an nGarda Síochána ag an am.
Mar atá achtaithe de réir dlí, ní féidir leas a bhaint as aon ráiteas ná aon admháil a dhéantar i mBinse Fiosrúcháin le cás coiriúil a thabhairt in aghaidh duine.
Tá a bhfuil i dtuarascáil Bhinse Fiosrúcháin Moriarty i leith Michael Lowry séanta go láidir agus go minic aige.
Anuraidh, dheimhnigh Michael Lowry go raibh socrú déanta aige maidir leis an €2.8 milliún i gcostais a gearradh air as an ionadaíocht dhlíthiúil a bhí aige ag an mBinse Fiosrúcháin.
Roimhe sin, níor lamháladh ach an tríú cuid dá chostais dlí dó toisc gur chinn an Binse Fiosrúcháin nár chomhoibrigh sé go hiomlán leis.
Tá Michael Lowry ar dhuine de na Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach atá i mbun comhráite le Fianna Fáil agus Fine Gael i láthair na huaire faoi rialtas nua a bhunú.
I ráiteas a d'eisigh sé tráthnóna inniu, mhaígh Michael Lowry gur sna nuachtáin a chonaic sé tuairiscí faoi chomhad a bheith seolta ag na Gardaí chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Dúirt sé nár tugadh le fios riamh go raibh baol ann go gcuirfí coireanna ina leith.
Dúirt sé freisin go seasann sé fós lena ndúirt sé riamh, is é sin nach ndearna sé tada as bealach i 1995.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ