skip to main content

Cóir leighis á chur ar thurtar glas in uisceadán an Daingin

I gCo an Chláir a thángthas ar an dturtar glas
I gCo an Chláir a thángthas ar an dturtar glas

Tá cóir leighis á chur ar thurtar ana-neamhghnách i nDaingean Uí Chúis i gCo Chiarraí agus tá dóchas ann go bhféadfaí í a sheoladh thar n-ais go dtí uiscí teo Cabo Verde.

Ar thráigh i gCo an Chláir a fuaireadh an turtar glas agus cé go raibh sí i mbaol báis tá sí ag teacht chuici féin anois.

Deir an bitheolaí mara Kevin Flannery go mbaineann an turtar glas le huiscí teo i Murascaill Mheicsiceo nó Cabo Verde, áit a maireann sé ar fhéar mara.

Beirt bhan a bhí ag siúl na trá i gCoillte i gCo an Chláir a tháinig ar an dturtar baineann Oíche Nollag.

Bhaisteadar Solstice mar ainm uirthi. Bhí an turtar ana-lag agus b'éigean cógas leighis a thabhairt di le haghaidh niúmóine agus díhiodráitiú in uisceadán an Daingin.

Cóir leighis á chur ar an turtar glas san uisceadán i nDaingean Uí Chúis

Deir Kevin Flannery ná fuil ach dhá cheann déag dos na turtair seo fachta roimis seo i dtuaisceart na hEorpa agus nár mhair ach turtar amháin acusan.

Nuair a bheidh Solstice neartaithe, eagrófar teastaisí tréidlia a cheadóidh di taisteal ar bord eitleáin go huiscí teo Cabo Verde.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ