skip to main content

Fear fós á cheistiú faoi dhúnmharú Paula Canty i Mala

Fuarthas corp Paula Canty in áras cónaithe i Mala Dé hAoine seo caite
Fuarthas corp Paula Canty in áras cónaithe i Mala Dé hAoine seo caite

Tá fear sna daichidí fós á cheistiú ag na Gardaí faoi dhúnmharú mná 31 bliain d'aois i gCo Chorcaí an tseachtain seo caite.

Fuarthas corp Paula Canty in áras cónaithe ar Lána na Smachtlainne i Mala i dtuaisceart Chorcaí Dé hAoine seo caite.

Chuir na Gardaí fiosrúchán dúnmharaithe ar bun nuair a fuair siad na torthaí ón scrúdú iarbháis.

Cé nár nocht na Gardaí na torthaí tuigtear gur sádh sa chliabhrach Paula Canty.

Ba as Cionn tSáile ó dhúchas Paula Canty agus bhí beirt chlainne uirthi.

Ní raibh sí ina cónaí i Mala ach le cúpla mí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ