skip to main content

Fear gafa faoi dhúnmharú John George sa Spáinn

Fuarthas corp John George sa Spáinn inné
Fuarthas corp John George sa Spáinn inné

Tá fear gafa ag na póilíní sa Spáinn faoi dhúnmharú fir 37 bliain d'aois as Béal Feirste a bhfuarthas a chorp sa tír sin inné.

Bhí John George ar saoire in Alicante in oirthear na Spáinne agus bhí sé le filleadh ar Éirinn ar an 18 Nollaig.

Rinne sé teagmháil lena theaghlach den uair dheireanach ceithre lá roimhe sin ach tháinig imní orthu nuair a chaill sé an eitilt abhaile.

Chuaigh cuid den teaghlach agus roinnt cairde leis chun na Spáinne le cuardach a chur ar bun dó ach tásc ná tuairisc ní bhfuair siad air.

Tráthnóna inné, chuir póilíní na Spáinne scéala chuig an teaghlach i mBéal Feirste go raibh a chorp faighte acu.

Ba as Cill Uaighe in iardheisceart Bhéal Feirste John George agus bhí beirt chlainne air.

Deir na póilíní gur 32 bliain d'aois atá an fear a ghabh siad faoina dhúnmharú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ