skip to main content

Ráitis Trump faoin nGraonlainn cáinte ag an bhFrainc

Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump
Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump

Tá ráitis chonspóideacha Donald Trump i leith na Graonlainne cáinte ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince Jean-Noel Barrot.

Tá Donald Trump le hinsealbhú mar Uachtarán na Stát Aontaithe seachtain ón Luan seo chugainn agus tá sé tugtha le fios aige go minic le gairid gur mian leis seilbh a fháil ar an nGraonlainn agus ar Chanáil Phanama.

Dúirt sé go deimhin nach gcuirfeadh sé as an áireamh seilbh a ghabháil ar an dá áit sin le lámh láidir.

Mar leis an nGraonlainn, dúirt Jean-Noel Barrot nach ligfeadh an tAontas Eorpach d'aon náisiún ar domhan "a theorainneacha ceannasacha" a shárú.

Ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, críoch leath-neamhspleách de chuid na Danmhairge is ea an Ghraonlainn. Ballstát den Aontas Eorpach is ea an Danmhairg.

Ina dhiaidh sin ar fad, seachas a bheith ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, teastaíonn ó Rialtas na Graonlainne an tír a bheith saor ón Danmhairg – agus ó aon tír eile – agus neamhspleáchas iomlán a bhaint amach.

Dúirt Príomh-Aire na Graonlainne Mute Egede nach raibh an tír ar díol agus thug le fios nach raibh aon fháilte roimh an mioscais a bhí daoine ón taobh amuigh a chothú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ