skip to main content

Tithíocht, fuinneamh le plé i gcomhráite faoi bhunú rialtais nua

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris
Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris

Tá Fianna Fáil agus Fine Gael i mbun comhráite arís inniu faoi bhunú an chéad rialtais eile.

Tá an dá pháirtí ag iarraidh Clár Rialtais a dhréachtú agus tá polasaithe éagsúla á bplé acu ó lá go lá le súil teacht ar chomhréiteach ina dtaobh ceann ar cheann.

Cúrsaí dlí agus cirt, seirbhísí do dhaoine atá faoi mhíchumas agus cúrsaí fiontar a bhí idir chamáin ag ionadaithe an dá pháirtí inné.

Tuigtear gur cúrsaí títhíochta agus cúrsaí fuinnimh atá ar chlár oibre na gcomhráite inniu.

Tá caint ar ghnóthaí fuinnimh a chur faoi chúram roinn rialtais eile feasta – seachas an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide arb é atá freagrach as an earnáil sin faoi láthair.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Simon Harris cé gur mhian leis an dá pháirtí rialtas nua a bheith bunaithe faoin 22 Eanáir thug sé le fios go mb'fhéidir gur sprioc-am ródhocht a bhí ann.

Tá 174 Teachta sa 34ú Dáil Éireann agus teastaíonn móramh de 87 le rialtas a bhunú.

86 Teachta atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile agus beidh siad ag brath ar thacaíocht ó dhaoine eile, is cuma cén comhaontú a dhéanfaidh siad eatarthu féin.

Chuige sin, tá an dá pháirtí le dul i mbun comhráite le Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach agus leis na Teachtaí Dála Neamhspleácha as Ciarraí Michael Healy-Rae agus Danny Healy-Rae.

Tá sé tugtha le fios ag an bpáirtí Éire Neamhspleách gur mhaith leo féin labhairt le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Dúirt ceannaire an pháirtí sin Michael Collins, áfach, nach raibh aon scéala faighte aige ó cheachtar acu fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ