skip to main content

'Freagraí de dhíth ar theaghlaigh sheisear iascairí a bádh i 1975'

Leacht in Ailt an Chorráin i gcuimhne an tseisir a cailleadh ar an Evelyn Marie
Leacht in Ailt an Chorráin i gcuimhne an tseisir a cailleadh ar an Evelyn Marie

Ag Aifreann cuimhneacháin in iarthar Dhún na nGall inniu, dúradh nach raibh sé ceart go raibh daoine muinteartha le seisear iascairí a bádh leathchéad bliain ó shin, go raibh siad imithe chun na síoraíochta gan freagraí a fháil faoi cad ba chúís leis an tubaiste.

Is é sagart paróiste Ailt an Chorráin an tAthair Pat Ward a dúirt an méid sin ag an Aifreann inniu.

Dúirt sé fosta go raibh an easpa eolais faoinar tharla cruálach ar na teaghlaigh agus thug le fios nach mbeadh síocháin acu nó go mbeadh na fíricí acu.

Cothrom an lae inniu i 1975 bhí an Evelyn Marie, trálaer 65 troigh ar a fad, ar a bealach ar ais chuig na Cealla Beaga lena lastas scadán nuair a bhuail sí creagacha ag oileán Reachlainn Uí Bhirn amach ó Mhálainn Bhig i nGleann Cholm Cille i dtrátha an 7 a chlog tráthnóna.

Ar an drochuair, bádh gach duine den seisear fear a bhí ar bord an trálaeir.

B'in iad Paddy Bonner, 33 bliain d'aois, as an Chlochán Liath; Hughie Gallagher, 35 bliain, as Athphort in Árainn Mhór; Johnny O'Donnell, 27 bliain, as Ailt an Chorráin; Thomas Ham, 27 bliain, as an Longfort ó dhúchas ach a bhí ina chónaí in Ailt an Chorráin; Joe O'Donnell, 21 bliain, as an Chlochán Liath; agus Roland Faughnan, 24 bliain, as Co Fhear Manach ó dhúchas ach a bhí ag obair in Ailt an Chorráin.

Ní bhfuarthas riamh ach coirp bheirt acu – Joe O'Donnell agus Roland Faughnan.

Bliain ina dhiaidh sin, mar bharr ar an anachain, bádh cúigear iascairí eile as na Rosa nuair a cailleadh an Carraig Úna san áit cheannann chéanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ