skip to main content

100 duine maraithe mar gheall ar chrith talún sa Tibéid

Is ag 9.05 ar maidin (1.05 am na hÉireann) a tharla an crith talún
Is ag 9.05 ar maidin (1.05 am na hÉireann) a tharla an crith talún

Áirítear faoi láthair thart ar 100 duine a bheith maraithe agus 130 duine eile a bheith leonta mar gheall ar chrith talún a tharla sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal.

Tuairiscítear gur leacaíodh os cionn 1,000 teach de bharr na tubaiste agus deirtear go bhfuil go leor daoine sáinnithe sa smionagar i gcónaí.

Is i gceantar iargúlta Tingri, atá suite ar thalamh ard, a bhí croílár an chreatha.

Tá sé ocht gcéim faoi bhun an reophointe sa cheantar sin faoi láthair agus deirtear gur mór an dúshlán ag lucht tarrthála agus lucht fóirithinte an áit a bhaint amach.

Dar le saineolaiithe sa tSín go raibh méid sheismeach de 6.8 sa chrith ach deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur 7.1 a bhí ann.

Pé scéal é, bhí an crith chomh láidir sin gur airíodh é i bpríomhchathair Neipeal, Katmandu, agus in áiteanna san India.

Tá Neipeal suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil pláta teicteonach na hIndia agus pláta teicteonach na hEoráise ag brú a chéile agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta dá bhíthin sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ