skip to main content

Foláireamh flannbhuí aimsire fógartha ag Met Éireann

Daoine i dtrí chontae i gCúige Mumhan is mó atá buailte ag an sioc mór
Daoine i dtrí chontae i gCúige Mumhan is mó atá buailte ag an sioc mór

Tá thart ar 10,000 teach, ionad gnó agus feirm i gCúige Mumhan gan cumhacht leictreach i gcónaí mar gheall ar an sioc mór.

Deir Bord Soláthair an Leictreachais gur custaiméirí i gCiarraí, i Luimneach agus i dTiobraid Árann is mó atá thíos leis.

Is sna trí chontae sin freisin atá an chuid is mó den 25,000 áitreabh atá gan soláthar uisce i gcónaí, de réir Uisce Éireann.

Ina cheann sin, a deir an comhlacht, ta leibhéal an uisce i roinnt taiscumar íseal faoi láthair agus d'fhéadfadh sé go ngearrfaí an soláthar in 27,000 áitreabh eile fós dá bhíthin sin.

Comhairlítear do dhaoine tiomáint go mall staidéártha

Tá an reothalach ar na bóithre ag dul i gcion ar sheirbhísí agus ar imeachtaí eile agus tá roinnt seirbhísí curtha ar ceal ag Bus Éireann ar chúinsí sábháilteachta.

Bhí foláireamh buí seaca i bhfeidhm ar fud na tíre le cúpla lá ach d'fhógair Met Éireann ina fholáireamh flannbhuí é in 22 contae ar maidin inniu.

Dar leis na meitéareolaithe go bhféadfadh an teocht titim go dtí idir ocht gcéim agus trí chéim faoi bhun an reophointe anocht.

Deir siad go mbeidh sioc-cheo in áiteanna freisin, go háirithe i lár tíre.

Beidh sé an-fhuar arís amárach ach meastar go nglanfaidh an aimsir oíche Déardaoin nó maidin Dé hAoine.

Ceaptar leis go n-ardóidh an teocht go dtí idir sé chéim agus deich gcéim ar an deireadh seachtaine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ