Tá duine eile tar éis bháis mar gheall ar an ionsaí a rinneadh ar mhargadh Nollag i gcathair Magdeburg in oirthear na Gearmáine breis agus coicís ó shin.
Dhearbhaigh na húdaráis ag an am gur maraíodh cúigear agus gur leonadh beagnach 300 duine eile nuair a tiomáineadh gluaisteán isteach i slua ag an margadh ar an 20 Nollaig.
Tá sé dearbhaithe anois, ámh, go bhfuil an séú duine tar éis bháis san ospidéal, bean 52 bliain d'aois.
Fear leathchéad bliain d'aois de bhunadh na hAraibe Sádaí a thiomáin an gluaisteán isteach sa slua.
Níl sé soiléir fós, áfach, cad go díreach a thug air an feillghníomh a dhéanamh.
Síciatraí is ea an fear agus bhí tuairimí frith-Ioslamacha nochta go minic aige ar na meáin shóisialta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ