Níor chuir an fuacht polltach cúl ar na sluaite a chruinnigh isteach i Seípéal an Chnoic in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe inniu le slán a fhágáil le Meaití Jo Sheámuis Ó Fátharta.
Tháinig siad ó cheann ceann na tíre - go háirithe ó shaol an cheoil traidisiúnta mar a raibh aithne mhór ar Mheaití ag seinm na feadóige móire, na bpíobaí uilleann agus i mbun portaíochta béil.
Ina measc siúd a chonacthas ann bhí na píobairí Néillidh Mulligan agus Mick O'Brien; Noel Hill an chonsairtín; Micheál Darby Ó Fátharta agus Johnny Óg Connolly ar an mhileoidean agus an bhocsa ceoil; Toner Quinn ar an fhidil agus iar-chomhghleacaí le Meaití in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Neansaí Ní Choisdealbha ar an fheadóg.
Ba mhinic Meaití ag taisteal na tíre ag seinm agus ag bailiú ceoil ag fleadhanna, seisiúin agus tionóil eile ceoil. Chuireadh sé an ceol sin i láthair a chuid éisteoirí ar a chlár 'Lán a' Mhála' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta - ceoltóirí, fonnadóirí agus lucht portaíochta béil nach raibh mórán aithne ná iomrá ag an lucht éisteachta orthu roimhe sin.
Bronnadh Corn Uí Riada ar Mheaití ag Oireachtas 2001 san Daingean agus i measc a chairde sean-nóis a bhí ansin inniu bhí duine eile de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada, Sarah Ghriallais.
Dúirt sise faoi go raibh "go leor sean amhráin aige agus leaganacha de na hamhráin nach mbeadh agamsa. An leagan a bhí aige de 'Fill, fill ar Rún Ó,' bhí focla deasa aige ann a fuair sé óna mháthair agus go leor acu nach raibh agam féin. Is aige a chuala mé an leagan sin a chasadh sé de 'An Sagart Ó Domhnaill.'

Thug a chuid amhrán agus ceoil ar fud an domhain é le hOireachtas na Gaeilge: thaisteal sé go Ceanada chuig an 'Oireachtas bheag' thall ansin; chuaigh sé chuig an fhéile idirnáisiúnta cheilteach i Lorient na Briotáine le toscaireacht ón Oireachtas roinnt uaireanta agus go hAlbain chomh maith.
Dúirt Liam Ó Maolaodha, iar-stiúrthóir an Oireachtais go raibh "meas air gach áit a ngabhfadh sé agus roinneadh sé a chuid ceoil le daoine ann."
Dúirt an bocsadóir agus an seinnteoir mileoidin Johnny Óg Connolly gur iomaí oíche a chaith sé féin agus a athair i gcuideachta Mheaití ag seisiúin i dtithe sa cheantar. "Chuir mé aithne air is mé i mo ghasúr, Ba é an cara ba mhó ag m'athair é - thaisteal mé an tír leis agus chuaigh muid go Meiriceá in éindí. Bhíodh seisiún tigh Mhichael Mheart i gCor na Rón agus bhínn ag foghlaim ó Mhichael agus ó Mheaití ansin. D'fhoghlaim mé an t-uafás uaidh freisin ag fonnadóireacht."

Ba é a chara agus a chomhghleacaí in RTÉ Raidió na Gaeltachta Mártan Ó Ciardha a thug an príomh aitheasc i ndiaidh an aifrinn inniu. Bhí aithne trí scór go leith bliain acu ar a chéile ó tharla gur tógadh an bheirt acu fá chúpla céad slat dá chéile.
"Bhí meas ag Meaití ar a dhúchas, ar na daoine as ar sníomh é, ar an gceantar inár chónaigh sé agus ar an bpobal a raibh sé ag tabhairt seirbhíse dó," a dúirt Mártan.
"100 bliain agus an lá inniu beidh caint ar an oidhreacht a d'fhág Meaití Jo Shéamuis ina dhiaidh i gCartlann Raidió na Gaeltachta.
Ní haon saineolaí ar cheol mise, ach ag éisteacht leo siúd a bhfuil an cháilíocht sin acu, creidim go mairfidh a chuid oibre ar an gcéim chéanna agus a mhair an méid a rinne Edward Bunting, Breandán Breathnach, Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna.
Ní mise amháin a bheadh den tuairim go bhfuil na heagráin de 'Lán a' Mhála' agus na cláracha ceoil eile a chuir sé ina chéile… ar an gcuid is tábhachtaí den chraoladh atá déanta ag Raidió na Gaeltachta le os cionn 50 bliain anuas.
San achar sin tá borradh as-cuimse tagtha ar an gceol agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta."
Léiriú ar an tsaibhreas ceoil a bhailigh sé agus a chraol sé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-ómós a thug glúin óg an cheantair ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige do Mheaití a thuras deireanach as teach an phobail.

I reilig an Chnoic choinnigh a chairde tionlacan ceolmhar leis cois uaighe, agus mar is nós i gConamara nuair a bhásaíonn duine de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada, cheol iar-bhuaiteoirí an Choirn agus fonnadóiri eile nach iad, Amhrán Mhaínse nuair a bhí an uaigh á líonadh.