skip to main content

An scríbhneoir agus an foilsitheoir Gaeilge Pádraig Ó Snodaigh tar éis bháis

Pádraig Ó Snodaigh
Pádraig Ó Snodaigh

Tá an scríbhneoir, an foilsitheoir agus an gníomhaí Gaeilge Pádraig Ó Snodaigh tar éis bháis. Bhí sé 89 bliain d'aois.

Is i gCeatharlach a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Snodaigh ach chaith sé a shaol oibre le Bord Soláthar an Leictreachais agus leis an Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna 1970í agus is é a bhunaigh siopaleabhar an Chonartha.

Bhunaigh sé a chomhlacht foilsitheoireachta féin Coiscéim sa bhliain 1980 agus tá beagnach 1,500 leabhar curtha i gcló ó shin ag an gcomhlacht.

Bhí sé pósta ag an ealaíontóir agus an dealbhadóir clúiteach Clíodhna Cussen nach maireann.

Maireann seisear mac na lánúine – Aonghus, an Teachta Dála; Colm; Rónán; agus Rossa atá sa bhanna ceoil Kíla in éindi leis an mbeirt mhac eile Fergus agus Cormac.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ