Deir Conradh na Gaeilge gur maith an rud é go bhfuil an Roinn Oideachais ag ceistiú meánscoileanna a bhfuil líon ard díolúintí ón Ghaeilge ceadaithe acu dá ndaltaí.
Os a choinne sin, áfach, deir an Conradh gur dóigh nach bhfuil aon phlean leagtha amach ag an Roinn le dul i ngleic leis an scéal.
Léiríonn eolas a fuair nuachtán an Irish Times faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur cheistigh an Roinn níos mó ná leathchéad scoil i mí an Mhárta anuraidh faoin chéatadán ard díolúintí a bhí ceadaithe acu.
Dúirt an Roinn leis na scoileanna a bhí i gceist gur ábhar imní a bhí sa scéal, i gcead do na deacrachtaí éagsúla a bhí ag daltaí, daltaí a raibh riachtanais speisialta acu san áireamh.
Ní riachtanais speisialta amháin ba bhun leis na díolúintí, de réir na tuairisce ar an Irish Times. Thug príomhoidí na scoileanna le fios don Roinn gur ceadaíodh díolúine do dhaltaí as an Úcráin agus do dhaltaí a fuair díolúine cheana féin sa bhunscoil chomh maith.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur cheart go mbeadh "an polasaí oideachais don Ghaeilge bunaithe ar an Fhráma Tagartha Comónta don Eoraip".
Mhaígh sé gur polasaí é seo "a d'fhéadfadh freastal ar na daltaí a bheadh ag teacht isteach déanach sa chóras ... agus ar dhaltaí le riachtanais speisialta chun nach mbeadh orthu an díolúine a lorg agus chun go mbeadh siad in ann an Ghaeilge a fhoghlaim go dtí leibhéal na hArdteiste".
Ag labhairt dó ar raidió RTÉ inniu, dúirt stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí Paul Crone go bhfuil ceist na ndíolúintí ag cruthú teannais idir tuismitheoirí agus scoileanna, go háirithe ó bhí an phaindéim ann.
Mhaígh sé fosta go bhfuil ag méadú ar an imní atá ar dhaltaí scoile trí chéile, agus dúirt cé nach bhfuil aon fhianaise ann gurb í an Ghaeilge atá ag cur imní orthu gur dheacair sin a bhréagnú.
Idir 2017-2018, tháinig ardú de 9% ar an líon díolúintí ón Ghaeilge a ceadaíodh do dhaltaí meánscoile.
Ardú de 12% a bhí ann idir 2022-2023.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ