skip to main content

'Dúine amháin a bhí freagrach as an ionsaí in New Orleans'

Iarshaighdiúir in Arm Mheiriceá ab ea Shamsud-Din Jabbar
Iarshaighdiúir in Arm Mheiriceá ab ea Shamsud-Din Jabbar

Tá na húdaráis sna Stáit Aontaithe den bharúil anois nach raibh aon duine páirteach leis an té a mharaigh cúig dhuine dhéag nuair a thiomáin sé feithicil trí shlua daoine i gcathair New Orleans go moch ar maidin inné.

Bhí an slua bailithe i gCeathrú Fhrancach na cathrach le teacht na Bliana Nua a cheiliúradh.

Chomh maith leis na mairbh, gortaíodh os cionn tríocha duine eile san ionsaí, cuid acu go han-dona.

Shamsud-Din Jabbar, iarshaighdiúir in Arm na Stát Aontaithe, an fear a rinne an t-ionsaí agus ceapann na póilíní go raibh rún aige an oiread daoine a mharú agus ab fhéidir leis.

Láthair an ionsaithe in New Orleans

In Texas a rugadh agus a tógadh Shamsud-Din Jabbar, bhí sé 42 bliain d'aois agus deirtear go raibh sé ag obair mar ghníomhaire réadmhaoine.

Lámhach agus mharaigh na póilíní é nuair a tháinig sé as an bhfeithicil, trucailín den déanamh Ford.

Níltear cinnte de fós ar ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann, in ainneoin go ndeirtear go raibh bratach na heagraíochta dá ngairtear Stát Ioslamach ceangailte de chúl an trucailín.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ