skip to main content

Deichniúr maraithe in ionsaí gluaisteáin in New Orleans

Sa Cheathrú Fhrancach in New Orleans a tharla an t-ionsaí
Sa Cheathrú Fhrancach in New Orleans a tharla an t-ionsaí

Maraíodh deichniúr agus gortaíodh na dosaein eile nuair a tiomáineadh feithicil trí shlua daoine a bhí bailithe leis an mBliain Nua a cheiliúradh i lár chathair New Orleans sna Stáit Aontaithe.

Tuairiscítear gur sna tréinte siúil a bhí an fheithicil ag an am agus gur d'aon ghnó a tiomáineadh í tríd an slua.

Deirtear leis gur tháinig fear as an bhfeithichil nuair a stop sí, gur scaoil sé arm tine leis na póilíní agus gur scaoil siadsan ar ais leis. Tuigtear gur maraíodh an fear ar an mball.

Tuairiscítear go gcreideann an FBI gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann.

Tá sé á thuairisciú ag NBC News gur Shamsud-Din Jabbar an t-ainm a bhí ar an bhfear, gur saoránach de chuid na Stát Aontaithe a bhí ann agus go raibh sé 42 bliain d'aois.

Trucailín a bhí san fheithicil a thiomáin sé tríd an slua, de réir dealraimh, agus deirtear go raibh bratach na heagraíochta sceimhlitheoireachta dá ngairtear Stát Ioslamach ceangailte dá cúl.

Chomh maith leis an deichniúr a maraíodh, deir na húdaráis gur gortaíodh tuairim is 35 duine eile san ionsaí.

Is ag thart ar 3.15 ar maidin a tharla an t-ionsaí – 9.15 am na hÉireann – agus daoine fós ag ceiliúradh theacht na Bliana Nua i gCeathrú Fhrancach New Orleans.

Tá an-tóir ag turasóirí ar an gceantar sin ach is cosúil gur daoine áitiúla is ea na mairbh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ