Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí faoi bhás fir sna seascaidí a bhfuarthas a chorp i Ros Mhic Thriúin i gCo Loch Garman ar maidin inniu.
Cuireadh scéala chuig na Gardaí go gairid roimh 11 a chlog ar maidin faoi 'eachtra' a bhí tarlaithe i dteach i gceantar Chluain Fada ar an mbaile sin agus is ann a fuair siad corp an fhir.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar an gcorp níos deireanaí agus tá scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach ag saineolaithe na nGardaí.
Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe daoine a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ