Tá duine de Sheisear Birmingham Paddy Hill tar éis bháis in aois a cheithre scór.
Bhí Paddy Hill ar dhuine de sheisear fear as Éirinn a ciontaíodh san éagóir sna hionsaithe buamála a rinneadh ar dhá theach tábhairne i lár chathair Birmingham i 1974 ar maraíodh 21 duine dá mbarr.
Cumadh fianaise bhréige in aghaidh an tseisir agus gearradh príosún saoil orthu i 1975.
Níor cuireadh a gciontú ar neamhní go dtí 1991.
I ráiteas ar Facebook, dhearbhaigh an eagraíocht Miscarriages of Justice Organisation (MOJO) gur shíothlaigh Paddy Hill go suaimhneach ar maidin inniu.
Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an eagraíocht sin in 2001 d'fhonn cuidiú le daoine eile a ciontaíodh san éagóir.
Tá triúr de Sheisear Birmingham fós ina mbeatha, mar atá, Gerry Hunter, John Walker agus Billy Power.
Fuair Hugh Callaghan bás anuraidh agus fuair Richard McIlkenny bás in 2006.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ