Tá ómós léirithe go forleathan d'iarUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Jimmy Carter a fuair bás inné in aois a chéid.
Bhí Jimmy Carter ina Uachtarán idir 1977-1981 agus bhain sé cáil amach i gcaitheamh na mblianta sin, agus ina ndiaidh go háirithe, as na hiarrachtaí a rinne sé síocháin a chur chun cinn i dtíortha ina raibh coimhlint fhadbhunaithe.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána air in 2002 as a dhúthracht sa mhéid sin.
Bhí Jimmy Carter tinn le fada agus bhí sé faoi chúram altranais ina bhaile dúcháis – Plains, Georgia – ó mhí Feabhra seo caite.
Feirmeoir ab ea Jimmy Carter sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht agus bhí rath ar an bhfeirm mhór pis thalún a bhí aige in Plains.
Toghadh ina Sheanadóir é den chéad uair in 1963 agus bhí sé ina ghobharnóir ar Georgia idir 1971-1975.
Daonlathaí ab ea Jimmy Carter agus in iomaíocht leis an bPoblachtach Gerald Ford a bhí sé nuair a bhuaigh sé an toghchán Uachtaránachta i mí na Samhna 1976.
Ceithre bliana achrannacha a chaith sé sa Teach Bán, áfach, agus geilleagar na Stát Aontaithe ag cúlú go tréan ag an am.
Os a choinne sin, bhí máistreacht áirithe aige ar ghnóthaí idirnáisiúnta agus thug sé ceannairí Iosrael agus na hÉigipte le chéile in eastát Camp David in aice le Washington DC, áit ar tháinig siad ar chomhaontú síochána.
Measadh an comhaontú sin ina éacht agus cuireadh an-dóchas ann ag an am.
Tháinig deireadh le ré Jimmy Carter nuair a toghadh an t-iarrthóir Poblachtach Ronald Reagan ina Uachtarán in 1980.
Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael Higgins go mbeadh cuimhne ar Jimmy Carter mar fhear uasal, ionraic agus prionsabálta a chaith cuid mhór dá shaol le cúis na síochána domhanda.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ